Artwork

内容由Conradh na Gaeilge i Londain提供。所有播客内容(包括剧集、图形和播客描述)均由 Conradh na Gaeilge i Londain 或其播客平台合作伙伴直接上传和提供。如果您认为有人在未经您许可的情况下使用您的受版权保护的作品,您可以按照此处概述的流程进行操作https://zh.player.fm/legal
Player FM -播客应用
使用Player FM应用程序离线!

24 Lúnasa 2024 (Tír Eoghain)

4:27
 
分享
 
Manage episode 435961749 series 2770343
内容由Conradh na Gaeilge i Londain提供。所有播客内容(包括剧集、图形和播客描述)均由 Conradh na Gaeilge i Londain 或其播客平台合作伙伴直接上传和提供。如果您认为有人在未经您许可的情况下使用您的受版权保护的作品,您可以按照此处概述的流程进行操作https://zh.player.fm/legal

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an ceathrú lá is fiche de mhí Lúnasa. Is mise Niall Ó Siadhail.

Tá ionchúisitheoirí san Iodáil ag smaointiú ar chúisimh dúnorgana maidir le bás seachtair nuair a chuaigh an t-oll-luamh Bayesian go tóin poill amach ó chósta na Sicile Dé Luain. I measc na marbh tá Mike Lynch, Sasanach de bhunús Éireannach a bhunaigh an comhlacht idirnáisiúnta teicneolaíochta Autonomy. Bhí Lynch ag ceiliúradh go bhfuarthas neamhchiontach é i gcúisimh calaoise sna Stáit Aontaithe. Tháinig a bhean chéile slán ón tubaiste ach cailleadh iníon dá gcuid. Comhtharlú tragóideach ab ea é nuair a maraíodh a chomhchosantóir sa chás calaoise, Stephen Chamberlain, i dtimpiste bóthair, roinnt uaireanta i ndiaidh don long dul go tóin poill. Tá sé ráite ag póilíní i Sasana nach raibh cúinsí amhrasacha bainte le bás Chamberlain.

Bhí comhdháil náisiúnta an Pháirtí Dhaonlathaigh ar siúl i Siceágó an tseachtain seo, agus ghlac Kamala Harris leis an ainmniúchán le dul san iomaíocht i gcoinne Donald Trump i dtoghchán uachtaránachta Mheiriceá ag deireadh na bliana. Cháin sí Trump in óráid Déardaoin inar leag sí amach a fís don uachtaránacht. Tharla seo i ndiaidh seachtain d’óráidí móra tugtha ag leithéidí Joe Biden, Barack Obama, Michelle Obama, Hillary Clinton agus Tim Walz, gobharnóir Minnesota, a bheidh ag seasamh le Harris sa toghchán. Tá ag éirí níos fearr leis an Pháirtí Daonlathach sna pobalbhreitheanna ó shocraigh Biden ar éirí as an bealach a fhágáil do Harris.

Tá tús curtha le trialacha an chéad vacsaín riamh in aghaidh ailse scamhóg. Deirtear go dtiocfadh leat an vacsaín nua a bheith “ceannródaíoch” sa troid i gcoinne an ghalair, an chúis bháis is mó i measc na gcineálacha ailse. Tá an triail ar siúl sa Ríocht Aontaithe, sna Stáit Aontaithe, sa Ghearmáin, san Ungáir, sa Pholainn, sa Spáinn agus sa Tuirc agus táthar ag súil go mbeidh freagairt imdhíonachta níos fearr ag othair gan dochar ar bith a dhéanamh, rud a tharlaíonn le leithéidí ceimiteiripe. Ba é Janusz Racz as Londain an chéad duine chun an vacsaín a fháil, agus é ag rá go bhfuil sé ag súil le Maratón Londan a rith nuair a bheidh biseach air.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

cúisimh dúnorgana - manslaughter charges

oll-luamh - superyacht

calaois - fraud

cúinsí amhrasacha - suspicious circumstances

ailse scamhóg - lung cancer

freagairt imdhíonachta - immunity response

  continue reading

272集单集

Artwork

24 Lúnasa 2024 (Tír Eoghain)

Nuacht Mhall

47 subscribers

published

icon分享
 
所有剧集

×
 
Loading …

欢迎使用Player FM

Player FM正在网上搜索高质量的播客,以便您现在享受。它是最好的播客应用程序,适用于安卓、iPhone和网络。注册以跨设备同步订阅。

快速参考指南

边探索边听这个节目
播放