Artwork

内容由Conradh na Gaeilge i Londain提供。所有播客内容(包括剧集、图形和播客描述)均由 Conradh na Gaeilge i Londain 或其播客平台合作伙伴直接上传和提供。如果您认为有人在未经您许可的情况下使用您的受版权保护的作品,您可以按照此处概述的流程进行操作https://zh.player.fm/legal
Player FM -播客应用
使用Player FM应用程序离线!

12 Deireadh Fómhair 2024 (Ciarraí)

5:41
 
分享
 
Manage episode 444868402 series 2770343
内容由Conradh na Gaeilge i Londain提供。所有播客内容(包括剧集、图形和播客描述)均由 Conradh na Gaeilge i Londain 或其播客平台合作伙伴直接上传和提供。如果您认为有人在未经您许可的情况下使用您的受版权保护的作品,您可以按照此处概述的流程进行操作https://zh.player.fm/legal

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an dara lá déag de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Gráinne Ní Bhrosnacháin.Bhailigh na mílte daoine le chéile chun comóradh a dhéanamh ar lá cuimhneacháin ar an 7ú lá de Mhí Dheireadh Fómhair, an lá a dhein Hamas ionsaí ar dhaoine in Iosrael a bhí ag freastal ar cheolchoirm Nova a bhí ar siúl i bhfásach Negev agus i gceantair eile. Maraíodh míle dhá chéad duine agus fuadaíodh os cionn dhá chéad agus a caoga duine agus tógadh iad isteach go Gaza. Bhí bigil faoi sholas coinnle, searmanas cuimhneacháin agus máirseáil ar siúl in Tel Aviv, Londain, Páras agus Beirlín agus áiteanna eile timpeall na cruinne. Idir an dá linn tá sé ina chogadh dearg i gcónaí. Tá bliain ann ó thosnaigh Iosrael an cogadh i gcoinne an ghrúpa mhíleata Hamas in Gaza. Tá ós cionn daichead míle Palaistíneach caillte ó thosnaigh an cogadh ag cur tús le tubaiste dhaonnúil le 2.2 milliún duine ruaigthe as an Stráice.
Fuair seisear déag bás nuair a bhuail hairicín Milton, ar hairicín catagóir a trí é, isteach ar chósta Florida sna Stáit Aontaithe. Thosnaigh sé in Siesta Key agus bhog sé trasna na leithinse, ag cruthú daichead a cúig tornádó, gaoth láidir agus tuillte. Bhí os cionn dhá mhilliún teach agus gnólacht gan cumhacht. Tháinig roinnt daoine abhaile le fáil go raibh a dteach scriosta ag an hairicín. Ceaptar go mbeidh ardú ar an méid daoine a fhaigheann bás mar tá siad fós a n-athshlánú ón dtubaiste. Tá Uachtarán na Stát Aontaithe Joe Biden ag teacht go Florida chun cuairt a thabhairt ar na ceantair a buaileadh go dona.
D'éirigh leis an chéad satailít a tógadh in Éirinn riamh dhá gháma-gha a aimsiú. Ba iad scoláirí ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, a thóg an tsatailít EIRSAT-1 agus a dhein dearadh agus tástáil air. An chéad lá de mhí na Nollag a deineadh lainseáil air ó Vandenbeg Aerfhórsa in California agus tá sé ar fhithis ó shin. I rith an ama seo tá os cionn ceithre mhíle fithis déanta aige ar an domhan agus thaistil sé dhá chéad milliún ciliméadar. Tá trí thurgnamh air agus ceann acu is ea an brathadóir gáma-gha. Tarlaíonn siad seo nuair a fhaigheann réalt bás nó nuair a bhuaileann dhá réalt i gcoinne a chéile. Is radaíocht leictreamaighnéadach iad na gáma-ghathanna nach féidir dul isteach go hatmaisféar an domhain agus sin an fáth go gcaithfear turgnamh a dhéanamh leis an tsatailít.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

lá cuimhneacháin - anniversary

tubaiste dhaonnúil - humanitarian disaster

hairicín - hurricane

leithinis - peninsula

brathadóir gáma-gha - gamma ray detector

radaíocht leictreamaighnéadach - electromagnetic radiation

  continue reading

272集单集

Artwork

12 Deireadh Fómhair 2024 (Ciarraí)

Nuacht Mhall

47 subscribers

published

icon分享
 
所有剧集

×
 
Loading …

欢迎使用Player FM

Player FM正在网上搜索高质量的播客,以便您现在享受。它是最好的播客应用程序,适用于安卓、iPhone和网络。注册以跨设备同步订阅。

快速参考指南

边探索边听这个节目
播放