Artwork

内容由Conradh na Gaeilge i Londain提供。所有播客内容(包括剧集、图形和播客描述)均由 Conradh na Gaeilge i Londain 或其播客平台合作伙伴直接上传和提供。如果您认为有人在未经您许可的情况下使用您的受版权保护的作品,您可以按照此处概述的流程进行操作https://zh.player.fm/legal
Player FM -播客应用
使用Player FM应用程序离线!

19 Deireadh Fómhair 2024 (Gaillimh)

4:44
 
分享
 
Manage episode 445871738 series 2770343
内容由Conradh na Gaeilge i Londain提供。所有播客内容(包括剧集、图形和播客描述)均由 Conradh na Gaeilge i Londain 或其播客平台合作伙伴直接上传和提供。如果您认为有人在未经您许可的情况下使用您的受版权保护的作品,您可以按照此处概述的流程进行操作https://zh.player.fm/legal

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an naoú lá déag de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Eoin Ó Seachnasaigh.

Tá sé ráite ag an Leifteanantchoirnéal Tom Fox, atá i gceannas ar choimeádaithe síochána na hÉireann i ndeisceart na Liobáine, go bhfuil na trúpaí slán sábháilte, in ainneoin coinníollacha an-dúshlánach agus teannas ag ardú sa Mheánoirthear. Tá níos mó ná 300 saighdiúir Éireannach lonnaithe in Camp Shamrock sa Liobáin Theas agus gar don teorainn idir Iosrael agus an Liobáin. Cé gur gortaíodh cúigear coimeádaithe síochána ó na Náisiúin Aontaithe le cúpla lá anuas, níl aon phlean ann faoi láthair chun na trúpaí a tharraingt siar. Tá rabhadh tugtha ag Príomhaire Iosrael, Benjamin Netanyahu, go bhfuil coimeádaithe síochána i mbaol mura mbogann siad ó dheisceart na Liobáine, comhartha go leanfar leis na hionsaithe in ainneoin agóidí an phobail idirnáisiúnta.

Ar ais in Éirinn, agus ráflaí ag dul thart go mbeidh olltoghchán ar siúl go luath, tá Sinn Féin ag déileáil le roinnt géarchéimeanna atá ag bagairt dochar a dhéanamh dá bhfeachtas. Tá sé tagtha chun solais gur thug beirt bhall den pháirtí teistiméireacht d’iaroifigeach preasa an pháirtí ainneoin gur admhaigh sé coireanna mí-úsáide gnéis. Chomh maith leis sin, tá beirt Teachtaí Dála tar éis éirí as, ar chúiseanna ar leith. I gcás amháin, rinne an Teachta Dála gearán faoin gcaoi ar láimhseáil an páirtí líomhain maidir le hiompar neamhoiriúnach. Tagann na scéalta seo ar shála na nuachta go ndearna oifigigh an pháirtí iarracht smacht a choinneáill ar na ceisteanna a fuair an ceannaire Mary-Lou McDonald ag Ard Fheis an pháirtí.

Cúrsaí sacair anois, agus tar éis an triú babhta de chluichí Shraith na Náisiún, tá foireann na hÉireann sa tríú háit agus trí phointe acu, chun tosaigh ar an bhFionlainn, a chaill gach cluiche, ach taobh thiar den Ghréig, atá i gceannas ar ár ngrúpa le dhá phointe dhéag, agus Sasana sa dara háit le naoi bpointe. Sa chéad chluiche, bhí bua inspioráideach ag Éirinn in aghaidh na Fionlainne, a bhuí le cúil ón gcosantóir Liam Scales agus ón imreoir lár páirce Robbie Brady tar éis botún tubaisteach ón gcaptaen Nathan Collins a thug tús foirfe do na Fionlannaigh. Sa dara cluiche, áfach, thug na Gréagaigh triail i bhfad níos deacra i láthair, agus léirigh bua compordach don fhoireann baile san Aithin méid an dúshláin atógála atá roimh bhainisteoir nua na hÉireann Heimir Hallgrímsson. Idir an dá linn, téann na Gréagaigh ó neart go neart. Sa bhabhta seo, bhuaigh siad in aghaidh ní amháin na hÉireann, ach Sasana in Wembley freisin, den chéad uair riamh, éacht thar a bheith suntasach tar éis bhás tragóideach a n-imreora George Baldock an tseachtain seo caite.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

leifteanantchoirnéal - lieutenant-colonel

coimeádaithe síochána - peacekeepers

ráflaí - rumours

iompar neamhoiriúnach - inappropriate behaviour

cosantóir - defender

méid an dúshláin atógála - the extent of the rebuilding challenge

  continue reading

272集单集

Artwork

19 Deireadh Fómhair 2024 (Gaillimh)

Nuacht Mhall

47 subscribers

published

icon分享
 
所有剧集

×
 
Loading …

欢迎使用Player FM

Player FM正在网上搜索高质量的播客,以便您现在享受。它是最好的播客应用程序,适用于安卓、iPhone和网络。注册以跨设备同步订阅。

快速参考指南

边探索边听这个节目
播放