Artwork

内容由Conradh na Gaeilge i Londain提供。所有播客内容(包括剧集、图形和播客描述)均由 Conradh na Gaeilge i Londain 或其播客平台合作伙伴直接上传和提供。如果您认为有人在未经您许可的情况下使用您的受版权保护的作品,您可以按照此处概述的流程进行操作https://zh.player.fm/legal
Player FM -播客应用
使用Player FM应用程序离线!

23 Samhain 2024 (Luimneach)

5:30
 
分享
 
Manage episode 451633220 series 2770343
内容由Conradh na Gaeilge i Londain提供。所有播客内容(包括剧集、图形和播客描述)均由 Conradh na Gaeilge i Londain 或其播客平台合作伙伴直接上传和提供。如果您认为有人在未经您许可的情况下使用您的受版权保护的作品,您可以按照此处概述的流程进行操作https://zh.player.fm/legal

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an tríú lá is fiche de mhí na Samhna. Is mise Sibéal Dempsey.

Tá eagla ann go leathnófar an cogadh in oirthear na hEorpa tar éis do na Stáit Aontaithe agus don Ríocht Aontaithe cead a thabhairt don Úcráin diúracáin dá gcuid a theilgean ar an Rúis. Mar fhreagra, lainseáil na Rúisigh diúracán balaistíoch trialach nua – ar a dtugtar “Oreshnik” nó “an crann coill” - agus bualadh saoráid mhíleata sa chathair Dnipro Déardaoin. Tá sé ráite ag Uachtarán na Rúise Vladimir Putin nach féidir an diúracán balaistíoch nua seo a stopadh, ach tá na hÚcránaigh ag obair ar bhealaí nua chun iad féin a chosaint ó aerionsaithe.

I mBaile Átha Cliath, fuair giúiré san Ard-Chúirt go ndearna Conor McGregor ionsaí gnéasach ar Nikita Hand sé bliana ó shin agus bronnadh damáistí ceathrú milliúin euro ar Hand. Le linn na trialach, chualathas gur tharla an t-ionsaí tar éis cóisir Nollag agus gur tháinig neamhord strus iarthrámach, nó PTSD, ar Hand, nach raibh in ann filleadh ar an obair agus nár mhothaigh sábháilte ina ceantar dúchais, Droimneach. Shéan McGregor na líomhaintí ar fad, agus thacaigh cara dá chuid leis, ach dúirt dochtúir a scrúdaigh an bhean an lá dár gcionn sa Rotunda go raibh sé ar cheann de na cásanna ba mheasa a bhí feicthe aige.

Tuairiscíodh Dé hAoine go bhfuil an t-aisteoir mór le rá Cillian Murphy agus a bhean, an t-ealaíontóir Yvonne McGuinness, tar éis phictiúrlann a cheannach i nDaingean Uí Chúis. Osclaíodh The Phoenix sa bhaile Gaeltachta sa bhliain 1919 ach bhí ar na húinéirí roimhe seo é a dhúnadh trí bliana ó shin mar gheall ar éifeachtaí na paindéime, costais arda agus an líon beag custaiméirí. Dúirt Murphy go mbíodh sé féin, agus a athair roimhe, ag freastal ar an bpictiúrlann blianta fada ó shin agus iad ar saoire sa cheantar. Dúirt na húinéirí freisin go gcuirfí an Ghaeilge san áireamh agus iad ag pleanáil chlár na pictiúrlainne.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

diúracán balaistíoch - ballistic missile

crann coill - hazel tree

saoráid mhíleata - military facility

ionsaí gnéasach - sexual assault

neamhord strus iarthrámach - post-traumatic stress disorder

líomhaintí - allegations

  continue reading

272集单集

Artwork

23 Samhain 2024 (Luimneach)

Nuacht Mhall

47 subscribers

published

icon分享
 
所有剧集

×
 
Loading …

欢迎使用Player FM

Player FM正在网上搜索高质量的播客,以便您现在享受。它是最好的播客应用程序,适用于安卓、iPhone和网络。注册以跨设备同步订阅。

快速参考指南

边探索边听这个节目
播放