Artwork

内容由Conradh na Gaeilge i Londain提供。所有播客内容(包括剧集、图形和播客描述)均由 Conradh na Gaeilge i Londain 或其播客平台合作伙伴直接上传和提供。如果您认为有人在未经您许可的情况下使用您的受版权保护的作品,您可以按照此处概述的流程进行操作https://zh.player.fm/legal
Player FM -播客应用
使用Player FM应用程序离线!

30 Samhain 2024 (Ard Mhacha)

6:40
 
分享
 
Manage episode 452842723 series 2770343
内容由Conradh na Gaeilge i Londain提供。所有播客内容(包括剧集、图形和播客描述)均由 Conradh na Gaeilge i Londain 或其播客平台合作伙伴直接上传和提供。如果您认为有人在未经您许可的情况下使用您的受版权保护的作品,您可以按照此处概述的流程进行操作https://zh.player.fm/legal

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an tríochadú lá de mhí na Samhna. Is mise Barra Mac Giolla Aoláin.

Tá muintir na hÉireann fós ag fanacht ar thorthaí an olltoghcháin a reáchtáladh Dé hAoine, inné. De réir na bpobalbhreitheanna, bhí an rás gob ar ghob idir na príomhpháirtithe polaitiúla, Sinn Féin, Fianna Fáil, agus Fine Gael. Tá súil ghéar ag an phobal agus ag lucht anailíse ar an chéad chomhaireamh, a chuirfear ar fáil i rith an deireadh seachtaine beag seo. Tá an córas aistrithe inmhalartaithe á úsáid mar is gnách, agus mar gheall air sin b’fhéidir go dtógfaidh sé roinnt uaireanta, nó fiú laethanta, na suíocháin dheireanacha a líonadh i gceantair thoghcháin níos casta. Bhí na ceisteanna móra amhail tithíocht agus an córas sláinte fós i gcroílár na díospóireachta polaitiúla agus beidh ar an rialtas nua na ceisteanna seo a réiteach. Tar éis an toghcháin cuirfear tús le cainteanna maidir le comhrialtas a fhoirmiú.

Tá sos comhraic a aontaíodh idir Iosrael agus Hezbollah tar éis a bheith faofa le cabhair na Stát Aontaithe agus na Fraince. Tá sé seo mar bhua do thaidhleoireacht sa réigiún, a bhfuil cogadh ann le bliain. Dúirt arm na Liobáine go bhfuil sé réidh chun dul go deisceart na tíre chun an sos comhraic a chothabháil. D’iarr siad ar dhaoine gan filleadh ar dheisceart na tíre go dtí go mbeidh sé sábháilte. Fágfaidh arm Iosrael an Liobáin agus tuigtear freisin go bhfuil Hezbollah toilteanach gan dul níos gaire do theorainn Iosrael ná abhainn na Litani. D'fháiltigh an Tánaiste Micheál Martin an sos comhraic a aontaíodh idir Iosrael agus Hezbollah agus dúirt sé gur cheart a mhacasamhail a dhéanamh anois i gcás stráice Gaza.

Fuarthas taisí daonna i gContae Mhuineacháin mar chuid de chuardach ar chorp duine atá ar iarraidh ó na Trioblóidí sa Tuaisceart. Tógadh na taisí as uaigh i reilig idir Baile na Lorgan agus Cluain Tiobrad. Deir an coimisiún atá ag fiosrú daoine a d'imigh gan tásc ná tuairisc le linn na dTrioblóidí go bhfuair siad fianaise ar ghníomhaíochtaí amhrasacha sa reilig sna 1970idí. Tagann an dáta leis an am a chuaigh Joe Lynskey ar iarraidh. Bhí sé ina bhall den IRA agus níl aon tásc ar a shlí ó bhí 1972 ann. Tá Lynskey ar dhuine de 16 duine atá fós faoi fhiosrúchán faoi fhuadach agus adhlacadh rúnda le linn na dTrioblóidí. Is éard atá i gceist ná go bhfuil an tIRA freagrach as seo. Beidh sé roinnt laethanta sula mbeidh aon eolas breise ar fáil faoi na taisí faighte i gContae Mhuineacháin.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

gob ar ghob - neck and neck

pobalbhreitheanna - polls

faofa - approved

taidhleoireacht - diplomacy

taisí daonna - human remains

fuadach - kidnapping

  continue reading

277集单集

Artwork

30 Samhain 2024 (Ard Mhacha)

Nuacht Mhall

46 subscribers

published

icon分享
 
Alla avsnitt

×
 
Loading …

欢迎使用Player FM

Player FM正在网上搜索高质量的播客,以便您现在享受。它是最好的播客应用程序,适用于安卓、iPhone和网络。注册以跨设备同步订阅。

快速参考指南

边探索边听这个节目
播放